Seabhac scothbheag le sciatháin ghearra chruinne is eireaball fada. Faightear an spioróg mhór thuaisceartach sa chuid is mó den leathsféar thuaidh. Tá cineálacha eile dúchasach don Afraic, deisceart is oirdheisceart na hÁise, agus an Astráil. Áitríonn sí coillearnach, agus itheann veirteabraigh is feithidí.