Planda ilbhliantúil atá dúchasach d'oirdheisceart na hÁise is ea sinséar. Fásann an gas 1 m ar airde. Ríosómach atá ann. Na duilleoga le gais cumhdaigh in dhá líne; na bláthanna buí corcra coimpléascach seasc, cosúil le bláthanna magairlíní, i spící fada dlútha le brachtanna buí is glasa thar chiumhais a chéile. Spíosra tábhachtach, fiú sa sean-am. Tugadh don Eoraip ar dtús é sa 1ú céad AD. Cuimsíonn sé a ríosóm bláthola a úsáidtear i gcumhráin, bianna is deochanna (leann is beoir sinséir, mar shampla). De bhrí go mbíonn na bláthanna seasc, síolraítear é ar mhodh plandúil.