Fíorfhia atá dúchasach do réigiún na Meánmhara ach a tugadh isteach in áiteanna eile. Sa samhradh, donn éadrom le spotaí bána; sa gheimhreadh, liath gan spotaí. Na hadharca fada, leata le gobthaí imeallacha de ghnáth. Tugtar poc dhá bhliain ar an bhfireannach óg a fhásann adharca den chéad uair.