dcsimg

Ciotrón ( Irish )

provided by wikipedia GA

Is éard is ciotrón ann, ná an toradh cumhra Citrus medica a bhfuil feidhm leis sna córais Swingle agus Tanaka araon. Tá sé ina bhall suntasach san ghéineas Citrus, a bhaineann leis na Rutaceae, fo-theaghleach Aurantioideae. Tagann an t-ainmniú medica de réir dealraimh ón ainm ársa comhchosúil 'media' , a bhí faoi thionchar Theophrastus, a chreid gur tháinig an citron ó Mhedes , ó Pheirs nó ón Aisiria ó dhúchas.

Tá a lán ainmneacha cosúil go leor lena chéile i dteangacha éagsúla ar an toradh seo , m.sh. cederat, cedro, srl. Tá na cinn is mearbhlaí faighte áfach sa Pholainnis, Seicis, Slóvaicis, Fraincis, Ollainnis, Ghearmáinis, Ghiúdais agus teangacha Lochlannacha, ina bhfuil an cara bréagach "citron" ar fáil, a déanann tagairt do na torthaí ar a dtugtar na líomóidí i nGaeilge. Tugtar "cédrat" ar 'ciotrón' i bhFraincis.

license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA