dcsimg

Luch ( Irish )

provided by wikipedia GA

Is mamach beag í luch agus baint aici le hord na gcreimirí. Is an luch thí (Mus musculus) an speiceas is mó iomrá, agus tá an luch mhóinéir (Apodemus) líonmhar in áiteanna éigin, cé go ndéanann iolair, seabhaic agus a leithéidí creach uirthi.

Tá roinnt creimirí ann atá dealraitheach le lucha agus atá le fáil i dtithe uaireanta. Orthu sin tá Peromyscus leucopus (an luch chosbhán) agus Peromyscus maniculatus.

Is iomaí ainmhí agus éan a itheann lucha - nathracha, madraí rua agus eile. Mar sin féin, tá an luch ar cheann de na géinis mhamacha is rathúla toisc gur féidir léi maireachtáil san oiread sin áiteanna.

Is féidir le lucha dochar a dhéanamh, go háirithe nuair a itheann siad barra. [1] Is féidir leo díobháil a dhéanamh do thithe agus galracha a spré trí chac agus trí sheadáin. [2]

Istoíche is mó a bhíonn lucha sa siúl. Níl radharc na súl go han-mhaith acu agus téann siad i muinín a gcluasa géara agus ina gcumas bolaíochta chun teacht ar bhia. [3]

Nótaí

  1. Meerburg BG, Singleton GR, Leirs H. 'The Year of the Rat ends: time to fight hunger!' Pest Manag Sci, volume 65, issue 4, 2009: http://www3.interscience.wiley.com/journal/121686000/abstract lgh 351–2
  2. Meerburg BG, Singleton GR, Kijlstra A. 'Rodent-borne diseases and their risks for public health,' Crit Rev Microbiol, volume 35, issue 3, 2009: http://www.informahealthcare.com/doi/pdf/10.1080/10408410902989837 lgh 221–70
  3. The Humane society of the United States

Féach freisin

Tagairtí


Ainmhí
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA

Luch: Brief Summary ( Irish )

provided by wikipedia GA

Is mamach beag í luch agus baint aici le hord na gcreimirí. Is an luch thí (Mus musculus) an speiceas is mó iomrá, agus tá an luch mhóinéir (Apodemus) líonmhar in áiteanna éigin, cé go ndéanann iolair, seabhaic agus a leithéidí creach uirthi.

Tá roinnt creimirí ann atá dealraitheach le lucha agus atá le fáil i dtithe uaireanta. Orthu sin tá Peromyscus leucopus (an luch chosbhán) agus Peromyscus maniculatus.

Is iomaí ainmhí agus éan a itheann lucha - nathracha, madraí rua agus eile. Mar sin féin, tá an luch ar cheann de na géinis mhamacha is rathúla toisc gur féidir léi maireachtáil san oiread sin áiteanna.

Is féidir le lucha dochar a dhéanamh, go háirithe nuair a itheann siad barra. Is féidir leo díobháil a dhéanamh do thithe agus galracha a spré trí chac agus trí sheadáin.

Istoíche is mó a bhíonn lucha sa siúl. Níl radharc na súl go han-mhaith acu agus téann siad i muinín a gcluasa géara agus ina gcumas bolaíochta chun teacht ar bhia.

license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA