dcsimg

Eichhornia crassipes ( Irish )

provided by wikipedia GA

Is plandaí uisceacha dúchasacha d'Abhantrach na hAmasóine é Eichhornia crassipes, ar a dtugtar go coitianta an hiasaint uisce, agus is minic a bhaineann fadhbanna leo lasmuigh dá raon dúchais mar speicis choimhthíocha ionracha.

Cur síos

Planda ilbhliantúil uisceach ( nó hidrifít), saor-snámhach is ea an hiasaint uisce atá nádúrtha do Mheiriceá Theas trópaiceach agus fo-thrópaiceach. Le duilleoga leathana, tiubha, glasta, ubhacha, d'fhéadfadh an hiasaint uisce ardú os cionn dhromchla an uisce chomh hard le 1 mhéadar ar airde. Bíonn na duilleoga]] 10-20 cm ar leithead ar ghas atá ar snámh trí bholgán buacach mar nóidíní ag a bhun, os cionn dhromchla an uisce. Bíonn gais fhada, spúinseacha agus bolgánacha acu. Bíonn fréamhacha dubhchorcra clúmhacha agus saorchrochta acu. Iompraíonn an ghasóg cheartseasmhach spíce amháin de 8-15 bláth tarraingteach feiceálach, ar dhath an labhandair go bándearg, den chuid is mó, le sé pheiteal. Nuair nach bhfuil sí faoi bhláth, d’fhéadfadh sí a bheith meascaithe le Limnobium spongia nó 'Limnobium laevigatum.

license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA

Eichhornia crassipes: Brief Summary ( Irish )

provided by wikipedia GA

Is plandaí uisceacha dúchasacha d'Abhantrach na hAmasóine é Eichhornia crassipes, ar a dtugtar go coitianta an hiasaint uisce, agus is minic a bhaineann fadhbanna leo lasmuigh dá raon dúchais mar speicis choimhthíocha ionracha.

license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA