Planda ilbhliantúil atá dúchasach don leathsféar thuaidh, a fhásann 5-10 cm ar airde. Ríosómach, na duilleoga roinnte i 3 dhuilleoigín fiaclach, na bláthanna scothghlas/buí ag déanamh cinn atá beagnach cearnach, bláth cúigpheitealach ag foirmiú gach taobh (tugtar clog halla an bhaile air freisin ar an ábhar seo), agus bláth ceathairpheitealach ar barr.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.