Is éan creiche de chlann uiledhomhanda é an fabhcún gorm. Is baill d'fhine na Falconidae iad. Ina measc an caracara splíonachiteach, an seabhac seilge coille le súile móra is aireachtáil ghéar a sheilgeann sa bhreacsholas, agus an fíorsheabhac seilge a eitlíonn go han-tapa is a mharaíonn a chreach san eitilt. I measc na bhfíorsheabhac seilge tá an pocaire gaoithe is an meirliún. A líon ag titim de bharr nimhithe le feithidicídí, mar itheann siad éin a itheann síolta truaillithe.