Is speiceas de bhaictéir phataigineacha é Acinetobacter baumannii, dá dtagraítear mar bhaictéar aeróbach graim-dhiúltach, a bhíonn frithsheasmhach in aghaidh an chuid is mó de na antaibheathaigh. Mar thoradh ar a fhrithsheasmhach in aghaidh cóireála drugaí, tugann roinnt meastacháin le fios go bhfuil an galar ag marú na mílte othar istigh in oispidéal gach bliain, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ní amháin sin, ach tá sé ráite ag speisialtóirí go "bhfhéadfadh siad dul chun cinn mar bhagairt níos mó". is féidir gur chúis leis an bhreoiteacht niúmóine throm a chur ar bun agus ionfhabhtuithe chonaire an fhuail, shruth na fola, agus i gcodanna eile de chuid na colainne.