Planda glas sa bhfine cabáiste a fhástar i gcomhair na mbláthanna anabaí a itear mar ghlasra. Tagann an focal 'brocailí' ón uimhir iolra den fhocal Iodálach 'broccolo', rud a chiallaíonn "bláthbharr ar chabáiste", agus is í an foirm bhídeach de 'brocco' í, rud a chiallaíonn "ionga bheag" nó "péacán". Beirítear nó galaítear brocailí go minic ach féadfar é a ithe amh.
Rangaítear brocailí san ghrúpa saothróige 'Italica', san speiceas Brassica oleracea. Bíonn bláthchinn móra, de ghnáth glas i ndath, eagraithe i struchtúr ar aon dul le crann, ag leathadh amach ó ghas tiubh inite aige. Bíonn mais na mbláthcheann timpeallaithe ag duilleoga. Bíonn brocailí cosúil le cóilis, grúpa saothróige éagsúla den speiceas céanna.