dcsimg

Raithneach mhór ( Irish )

provided by wikipedia GA
 src=
Raineach

Raithneach ilbhliantúil le ríosóim a dhreapann i bhfad. Na froinn aonarach, suas le 2-4 m ar airde, trídhuilleach, le sórais go leanúnach timpeall imeall na dteascáin duilleoige. An-choiteann ar ithreacha aigéadacha, i gcoillte, is ar fhraochach go príomha, agus is féidir leis an speiceas seo fairsingí móra a chlúdach mar gheall ar a ríosóim. Nimhiúil, agus ní iníorann caoirigh nó coiníní ar thalamh a bhfuil an raithneach seo uirthi. Ní dhéanann tine damáiste trom di mar go bhfanann na ríosóim atá doimhin sa talamh slán gan damáiste. Is féidir go mbeidh sí ina hionróir ionsaitheach ar fhéarach.

I mbéarlagair na Gaeilge deirtear "raithneach" leis an channabas.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA