dcsimg

Lasair choille ( Irish )

provided by wikipedia GA

Is éan í an lasair choille, ball d'fhine na Fringillidae. Is iad an Eoraip, an Afraic agus iar-Áise na ceantracha dúchasacha di. Tugadh isteach fosta i gceantair eile iad, mar shampla isteach san Astráil, an Nua-Shéalainn agus Uragua.

Tá aghaidh rua agus ceann bán agus dubh ag an lasair choille. Tá dath donnbhuí nó donnrua ar a droim agus a cuid cliathán. Tá barra óir leathan ar a cuid sciathán. Tá dath dubh ar a heireaball, agus dath bán ar a geadán. Tá an ceann fireann cosúil go mór leis an ceann baininn, ach tá níos mó dath rua ar aghaidh an ceann fireann.

Léirítear go minic an lasair choille i bpictiúir Iodálacha de chuid na hAthbheochana.

 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA