Speiceas an-mhór plandaí bliantúla is ilbhliantúla. Dúchasach don Eoraip, an Áise, an chuid is mó den Afraic, agus tuaisceart Mheiriceá. A ghais tréshoilseach uisciúil. A dhuilleoga ailtéarnach nó urchomhaireach, ubhchruthach fiaclach. Na bláthanna ar crochadh go cothrománach ó ghas caol taibhseach síogamorfach, casta le 5 phiotal maol is spor cuartha caol, nó déliopach le feadán tonnadóirchruthach is spor. Capsúl atá sa toradh, a phléascann go sochloiste agus a scaipeann na síolta. Hibrid le bláthanna dearga, bándearga nó bána is ea an balsaimín.