150 speiceas den éan ceoil seo atá dúchasach don Seandomhan, dhá chlann mhóra eile sa chuid eile den Domhan. Is baill d'fhine na Passeridae iad. Sciatháin ghearra leathana air. Seilgeann sé cuileoga eitilte trí shaghas luíocháin, ag fanacht ar chrann nó claí, agus nuair a théann cuileog thart, amach leis de rúid chun í a ghabháil. Caitheann an cuilsealgaire liath an geimhreadh i ndeisceart na hAfraice, agus bíonn in Éirinn Bealtaine-Meán Fhómhair. Tógann sé a nead ar bhalla nó stoc crainn as caonach is gruaig. Tógann sé ál amhain sa bhliain. Más fliuch an samhradh ní dhéanann sé go maith, ceal cuileog.