dcsimg

Moing mhear ( Irlandês )

fornecido por wikipedia GA

Planda débhliantúil a fhásann 2.5 m ar airde, dúchasach don Eoraip is réigiúin mheasartha na hÁise, ach a tugadh isteach in an-chuid tíortha eile. An gas cuasach eitreach le spotaí corcra, na duilleoga roinnte le teascáin ubhchruthacha fhiaclacha, na bláthanna bán gan seipil in umbail 2-5 cm ar leithead, an toradh ubhchruthach, an boladh bréan. Gach cuid nimhiúil mar go bhfuil an t-alcalóideach cuinín ann. Tá an nimh seo in úsáid leis na cianta, agus deirtear gurb í a tugadh do Shócraitéas.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


licença
cc-by-sa-3.0
direitos autorais
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visite a fonte
site do parceiro
wikipedia GA