Planda débhliantúil atá in ann fás 1.5 m ar airde ach níos lú de ghnáth, dúchasach don Eoraip agus iarthar na hÁise ach a tugadh isteach i Meiriceá Theas is Thuaidh agus an Astráil. Na duilleoga roinnte i dteascáin ubhchruthacha nó leathfhada suas le 10 cm ar fhad. Na bláthanna buí gan seipil, in umbail 3-10 cm ar leithead. An toradh ubhchruthach, leathan sciathánach. Fástar go trádálach é i gcomhair na mbunfhréamhacha a itear mar ghlasra agus a úsáidtear mar fhoráiste d'ainmhithe.