Crústach muirí a chónaíonn lena bhun greamaithe le foshraith chrua nó orgánach eile. An cholainn imchlúdaithe i sliogán, déanta as plátaí cailcreacha. De réir cineáil, itheann sí trí bhia a scagadh as an uisce le géaga tóracsacha oiriúnaithe (cirri). Níos mó ná 1,000 speiceas, a fhaightear i ngach áit ón gcrios idirthaoide go dtí an fharraige dhomhain. Cuid acu seadánach ar phortáin.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as
Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh
Matthew Hussey, foilsithe ag
Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.