dcsimg

Ruán ( Irish )

provided by wikipedia GA

Is iasc beag fionnuisce é an ruán (Scardinius erythrophthalmus) den fhine Cyprinidae. Bíonn sé ar fáil go forleathan san Eoraip agus san Áise. Tá sé forleathan in Éirinn cé nach iasc dúchasach é. Tá dath airgead agus dearg (ar chúl) air. Iasc beag atá ann go hiondúil - ní fhásann sé níos mó ná 40cm ar fhad. Tá sé sách cosúil le iasc fionnuisce eile - an róiste agus measctar suas go minic iad. Tá an dá iasc seo in ann cros-síolrú le chéile le hibrid a chruthú (nach féidir síolrú).

Rugtar go minic ar ruáin sa gharbhiascareacht mar go bhfuil siad ar fáil go forleathan in uiscí socra agus in uiscí le sruth iontu. Breathnaítear ar ruán ar bith atá os cionn punt meáchain mar eiseamal.

license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA