dcsimg

Spuirse ( Irish )

provided by wikipedia GA

Baill de ghné mhór plandaí iad na spuirsí atá le fáil ar fud an Domhain, a tháirgeann laitéis. Is plandaí bliantúla cuid acu, plandaí ilbhliantúla cuid eile, agus toim cuid eile fós. Is cosúil le cachtais cuid acu, a mhaireann i réigiúin thirime is iad tar éis oiriúnuithe cosúla a éabhlóidiú go neamhspleách. Nuair nach bhfuil siad ag bláthú, ní féidir iad a idirdhealú ó chachtais ach ar bhonn na laitéise. Tugtar cyathium ar a bhláth sainiúil, bláthra dlúite laghdaithe ina mbíonn ubhagán amháin (an bláth baineann), roinnt staimíní (na bláthanna fireanna), 4 fhaireog mhór, agus fáinne brachtanna geala daite atá cosúil le hiombhláthanna.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA