dcsimg

Magicicada septendecim ( irlandais )

fourni par wikipedia GA

Feithid in oirthear na Stát Aontaithe, Magicicada septendecim, a mheastar a bheith ar an bhfeithid is fadsaolaí ar Domhan. Maireann sí faoi thalamh an chuid is mó dá saol 17 mbliain, ag maireachtáil ar na siltigh a thagann amach nuair a bhearnaíonn sí fréamhacha na bplandaí. Ansin ina 17ú bliain, cuireann sí an craiceann nimfí di agus tagann chun dromchla na talún. Cúpláileann sí is beireann a cuid uibheacha le linn na seachtainí deireanacha dá saol. I samhradh 1998 a tháinig na feithidí iontacha seo chun dromchla den chéad uair ó 1979, agus ní fheicfear arís iad go dtí 2013.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


licence
cc-by-sa-3.0
droit d’auteur
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visiter la source
site partenaire
wikipedia GA