Is planda bliantúil (nó bliantóg) le gas cuasach díreach a fhásann 70 cm ar airde í an chostóg[1]. Tugtar an camán gall uirthi freisin.
Dúchasach don Oirdheisceart na hEorpa is ea an chostóg. Ach tugadh isteach i gcuid mhaith áiteanna eile í agus saothraítear go fairsing in áiteanna eile í. Bhuanaigh sí í féin mar phlanda fiáin ar thalamh díomhaoin I gcoiIlte agus faoi fhálta.
Tá an chostóg fualbhrostach spreagthach díleách allasach agus glanann sí an fhuil. Is maith an íoc earraigh í. Óltar an tiosán chun na daitheacha, an gúta agus galar ae a mhaolú. Nitear an craiceann leis freisin, rud a thugann faoiseamh ó aicídí ainsealacha craicinn ar nós na heachma.
Tá luibheanna leighis ann a bhfuil an-dealramh acu le plandaí nimhiúla. Samplaí maithe de luibheanna leighis an chostóg is an pheirsil ach tá siad an-chosúil le peirsil amaide atá fíor-nimhiúil Is furasta an Pheirsil Amaide atá nimhiúil (Aethusa cynapium) a thógáil ina hamhlachas. Is fearr mar sin an chostóg shaothraithe a úsáid.
Is planda bliantúil (nó bliantóg) le gas cuasach díreach a fhásann 70 cm ar airde í an chostóg. Tugtar an camán gall uirthi freisin.