dcsimg
Image of <i>Anastrophyllum saxicola</i>
Creatures » » Plants »

Liverworts

Marchantiophyta

Marchantiophyta ( Irish )

provided by wikipedia GA

Planda beag neamhshoithíoch spóriompartha atá an-ghaolmhar le caonach is braichlis adharcach. Tá dhá shaghas ann, ag brath ar fhoirm na ngaiméitifítí. In aelusanna talóideacha, bíonn an cholainn leata, go minic géagach nó maothánach. In aelusanna duilliúracha, bíonn gais chaola dhreaptha le 3 líne duilleog nach n-aibíonn ach dhá cheann acu go hiomlán. Bíonn ríosóidí aoncheallacha cosúil le fréamhacha a cheanglaíonn an planda don talamh ach nach n-asúnn uisce. Is é a bhíonn sa spóraifít ná capsúl réalta-chruthach ar ghas, agus istigh inti bíonn na spóir is struchtúir sheasca eile a dtugtar éileatóirí orthu. Nuair a aibíonn na spóir síneann an gas, osclaíonn an capsúl, agus cabhraíonn na héileatóirí i scaipeadh na spór. Atáirgeann aelusanna freisin trí gheimí, teasca ilcheallacha a chuirtear amach mar bhachlóga agus a fhásann ina bplandaí nua. Faightear aelusanna beagnach i ngach áit, ach amháin áiteanna tirime mar nach ndéanann siad go maith ansin. Is flúirsí iad in áiteanna taise faoi scáth.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


license
cc-by-sa-3.0
copyright
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visit source
partner site
wikipedia GA