Inveirteabrach bunúsach mara, ar eicínideirmeach é, a bhíonn ceangailte de ghnáth le grinneall na farraige le gas fada. Uaireanta nasctha ag a bhun (suite) nó ar snámh go saor. An béal is na géaga uachtaracha ar an taobh thuas. Itheann an chuid is mó díobh páirteagail chrochta a iompraítear don bhéal ar feadh eitrí bia ar na géaga uachtaracha. An taifead iontaiseach an-fhada. Timpeall 650 speiceas beo, a fhaightear ón uisce tanaí amach go dtí an fharraige dhomhain. Tugtar an chleiteach mhara is an chrosóg chleiteach air freisin.